ClubForce.com
 Managing Your Club Finances

Managing Member Data


Click here for details on available Cumann Mícheál Breathnach CLGMB Registrations.
Buy Our Club Merchandise Here

Cumann Mícheál Breathnach CLGMB


Comóradh 100 bliain Micheál Breathnach

Micheál Breathnach 1881 - 1908

Rugadh Micheál Breathnach (1881-1908) ar an Lochán Beag, i gCois Fharraige an 16ú Meán Fómhair 1881. D’fhreastail sé ar scoil an Chnoic. Is ansin a d’fhoghlaim sé Béarla ar dtús. Bhí sé ina chúntóir sa scoil sin níos deireanaí. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois, fuair sé post mar Rúnaí ar Chraobh Londain de Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé aistí do An Claidheamh Solais. Foilsíodh ‘Cuan na Mara agus a Mhuintir’ in Irisleabhar na Gaeilge. Bhí duais Oireachtais bainte amach ag an aiste sin i 1903. Ceithre bliana a chaith sé i Londain, áit a raibh sé gnóthach in imeachtaí an Chonartha.

Thugadh sé ranganna Gaeilge i Londain. Ar Londain a fhágáil dó, fuair sé post mar Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh, Maigh Eo. Chuir sé aithne ar Cholm Ó Gaora, a bhí ina mhúinteoir taistil le Conradh na Gaeilge ag an am. Ní raibh an tsláinte go maith faoin tráth seo aige. Bhí an eitinn tolgtha aige.

Scríobh sé go leor aistí, agus filíocht, a foilsíodh sna hirisleabhair Ghaeilge ag an am. Chuir sé Gaeilge ar Knocknagow, Charles Kickham, thart ar 1905, agus foilsíodh cuid de i 1906, an chuid eile tar éis a bháis.

Bhiodh sé ag triall ar an Eilbhéis ar mhaithe lena shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin ina chuid aistí, a foilsíodh in An Claidheamh Solais, agus a foilsíodh ina dhiaidh sin faoin teideal ‘Seilg i measc na nAlp’. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge ‘Stair na hÉireann’, i 1906. Ní raibh aon fheabhas ar a shláinte i 1908, agus bhí air cur faoi i dteach altranais, i mBaile Átha Cliath. Fuair sé bás ansin i nDeireadh Fómhair na bliana 1908.

Ta sé curtha i reilig an Chnoic, ina cheantar dúchais. Sheinn Éamon Ceant ar a shochraid. Sa mbliain 1980, chuir Seosamh Ó Braonáin leagan nua de ‘Seilg i measc na nAlp’ amach sa litriú caighdeánach. Bhí clár cuimhneacháin ar Raidió na Gaeltachta, sa mbliain 1981, céad bliain tar éis a bhreithe.

Beidh Cumann Peile Micheál Breathnach ag deanamh comóradh ar 100 bliain Micheál Breathnach go luath.  Nuair a bheas rud eigin socraidh cuireadh mé scéal agaibh.
top of page
Clubforce.com 
 Managing Member Data