CLG An Cheathrú Rua

An Cheathrú Rua, Galway

CLG An Cheathrú Rua

CLG An Cheathrú Rua

An Cheathrú Rua, Galway

CLG An Cheathrú Rua

CLG An Cheathrú Rua

An Cheathrú Rua ,
Galway, Ireland.

CLG An Cheathrú Rua Events and Draws - click here for ticket details.

CLG An Cheathrú Rua

January 18 2010

Comórtas peile seachtar an taobh Mháirtín Antaine Uí Chatháin

Foireann 2009
Dé Sathairn seo chugainn an tríú lá fichead d'Eanáir, reáchtálfaidh C.L.G. an Cheathrú Rua comórtas peile seachtar an taobh Mháirtín Antaine Uí Chatháin.  Beidh an comórtas ar siúl ar an bpáirc uile-aimsire le taobh Pháirc an Chathánaigh.  Reáchtáladh an comórtas seo don chéad uair anuraidh agus bhí an-lá ag chuile dhuine.  D'éirigh leis Cumann Peile Micheal Breathnaigh an corn a thabhairt abhaile leo.  Beidh foirne go leor i láthair ag an gcomórtas.  Beidh an fhoireann baile An Cheathrú Rua, seaimpíní na bliana seo caite na Breathnaigh, foireann de chuid na bhfórsaí cosanta agus foirne eile chomh maith.  Tosóidh an iomaíocht ag a haon déag ar maidin agus tá súil le taispeántas breá peile.  Tá fáilte roimh chách.
top of page