Ócáidí Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir

An Máimín Leitir Móir, Galway

Membership Registration

Ócáidí Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir

Membership Registration

Ócáidí Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir

An Máimín Leitir Móir, Galway

Ócáidí Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir

An Máimín Leitir Móir,
Galway, Ireland.

Buail Fút agus Breathnaigh Romhat



TEORAINN 190 SUÍOCHÁN (Limted to 190 seats)

“Buail fút agus breathnaigh romhat”  
Cuir suíochán i seastán Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir


A chairde,

Tá forbairt mhór ar bun ar Pháirc an Mháimín faoi láthair agus an Cumann Peile ag tógáil seastán nua agus ag déanamh athchóiriú iomlán ar na seomraí feistis agus ar an gclár-scórála.  Ba mhaith linn bhur dtacaíocht a fháil maidir  le suíochán a chur sa seastán nua. “Buail fút agus breathnaigh romhat”.  S’éard atá i gceist leis an bhfeachtas seo ná na 190 suíochán a bhéas sa seastán a dhíol agus cibé duine a cheannaíonn suíochán tá sé de rogha acu pé ainm is maith leo a fháil greanta air.

Mioneolas

  • Tá nasc ar shuíomh Chumann Peile Naomh Anna agus ar leathanaigh meáin shóisialta an Chumainn go dtí an suíomh Clubforce agus is ansin is feidir leat an suíochán a cheannacht.
  • Beidh tú in ann níos mó ná suíochán amháin a cheannacht dá mba mhaith leat.
  • Cosnaíonn an suíochán €100.
  • Is féidir leat pé ainm ar mhaith leat a bheith ar an suíochán agus é seo a líonadh isteach ar líne freisin. Mar shampla Joe Bloggs, Ciarán Chóil Pheadair, Clann Uí Fhlatharta.
  • Déan teangmháil le Philomena Ní Fhlatharta ag 0879230660 má bhíonn aon deacracht agat suíochán a cheannacht.
  • *Beifear ag déanamh tarraingt le uimhreacha na suíocháin a thabhairt amach do na ceannaitheoirí.

*Cé go bhfuil pé ainm a roghnaíonn tú ar shuíochán, ní féidir leat an suíochán sin a chur in airithe do chluichí.

Míle buíochas as ucht bhur gcuid tacaíochta i gcónaí.
Cumann Peile na Naomh Anna.

Registration Plan

Quantity Registration Plan Cost
Ceannaigh Suíochán €100.00